Beo ón Electric Picnic
2025 TG4

WATCH | FÉACH
This 90-minute special was a true celebration of Electric Picnic 2025, Ireland's biggest music festival. Blending live music, culture, and language into one unforgettable broadcast. We were thrilled to bring audiences unprecedented access to Electric Picnic, showcasing some of Ireland's most exciting bands and celebrating the Irish language on the festival's biggest stages. At the heart of the broadcast was a landmark performance by Kneecap, who delivered a powerful, packed-out set on the Main Stage one of the defining moments of Electric Picnic 2025. Their historic performance was filmed and broadcast exclusively on TG4, marking a milestone for both Irish music and the Irish language. The programme also showcased an incredible line-up from the Collchoill (Hazelwood) and Puball Gaeilge stages, with standout performances from IMLÉ, Eve Belle, John Spillane, Amble, The Fógues, Byro, David Geraghty (BellX1), The Donnys, Dysania, Caolan Ryan, Lisa Murray, Lost West (performing a special rendition of Dreams by The Cranberries), and many more as well as contributions from Melvin Benn, Stiúrthóir na Féile (Festival Director), alongside acoustic sessions, interviews, and conversations with organisers, artists, and festival goers. It highlighted the central role of the Irish language at Electric Picnic, from live music in Irish to podcasts, yoga sessions, comedy, a céilí mór, and the Gaeltacht Camping site.
Ba cheiliúradh ceart a bhí sa gclár speisialta 90 nóiméad seo ar Electric Picnic 2025, inar tugadh ceol beo, an cultúr agus an teanga le chéile i gcraoladh amháin nach ndéanfar dearmad air. Bhíomar thar a bheith sásta go rabhthas ábalta craoladh, nár deineadh a leithéid riamh cheana, a dhéanamh ar Electric Picnic 2025 agus é a chur ar fáil don lucht spéise. Tugadh ardán sa gclár do chuid de bhannaí is iontaí na hÉireann agus deineadh ceiliúradh ar an nGaeilge ar stáitsí is mó na féile. Lárnach sa gcraoladh bhí léiriú ollmhór Kneecap, a chuir mír chumhachtach, lán go béal ar fáil ar an bPríomhstáitse. Bhí an mhír sin ina cuid suntais chinniúnach ag féile na bliana seo. Taispeánadh roinnt de na ceoltóirí den scoth a bhí ar stáitsí na Collchoille agus an Phubaill Gaeilge freisin ar an gclár, le míreanna iontacha ó leithéidí Amble, IMLÉ, Eve Belle, John Spillane, The Fógues, Byro, David Geraghty (BellX1), The Donnys, Dysania, Caolan Ryan, Lisa Murray, Lost West (a chas leagan speisialta de Dreams, amhrán leis The Cranberries), agus tuilleadh nach iad. Bhí píosa cainte le Melvin Benn, seisiúin acústacha, agallaimh agus píosaí cainte le lucht eagraithe, ceoltóirí agus lucht freastail mar chuid den chraoladh freisin. Ba cheiliúradh ceart a bhí sa gclár speisialta 90 nóiméad seo ar Electric Picnic 2025, inar tugadh ceol beo, an cultúr agus an teanga le chéile i gcraoladh amháin nach ndéanfar dearmad air.